Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Statement by President Michael D. Higgins on the death of Sean Calleary

Dáta: Lua 4th Mei, 2018 | 18:39

"Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh an tIar-Theachta Dála agus Aire Stáit Seán Calleary, a raibh meas forleathan air mar gheall ar a chion oibre poiblí d’Éirinn, do Chonnachta agus do Mhaigh Eo.


Beidh cuimhne air i measc a chuid comhghleacaithe polaitíochta, a raibh urraim thar na bearta acu dó, agus ina measc siúd a raibh meas acu air mar gheall ar a raibh déanta aige don spórt de gach cineál.  

Chomh maith lena ionchur don spórt agus do Chumann Lúthchleas Gael Mhaigh Eo chosain sé an rugbaí i gConnachta agus chuir sé chun cinn é. Bhí sé ina Uachtarán ar feadh tréimhse ar chraobh Chonnacht de Chumann Rugbaí na hÉireann, agus d’éiligh sé rath ar an rugbaí i réigiún Chonnacht sa todhchaí.

Tugaim chun cuimhne an plé a bhí againn faoi cheisteanna forbartha nuair a bhí sé ina Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá bhean Doris, dá chlann Síofra, John, Conal agus Dara, dá mhuintir agus do chiorcal leathan a chairde."