Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Martin McGuinness

Dáta: Mái 21st Már, 2017 | 06:31

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Martin McGuinness, agus ba mhaith liom mo bhrón a chású dá bhean Bernadette agus dá chlann, ar mo shon féin agus ar son Shaidhbhín.
Aireoidh saol na polaitíochta agus muintir na hÉireann uathu a cheannaireacht, go háirithe mar a thaispeáin sé í le linn uaireanta deacra phróiseas na síochána, agus a dhíograis do luachanna an fhíordhaonlathais a léirigh sé i bhforbairt na n-institiúidí i dTuaisceart Éireann.  
Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don chion fir a rinne sé chun an tsíocháin agus an t-athmhuintearas a chothú i dTuaisceart Éireann – ionchur a bhfuil aitheantas aige ó dhaoine a bhfuil tuairimí éagsúla acu.  
Mar chomhghleacaí polaitiúil agam féin ar feadh na mblianta, agus an bheirt againn rannpháirteach i bhfeachtas toghchánaíochta na hUachtaránachta in 2011, a thug ar fud na hÉireann sinn, bhí mé féin agus Saidhbhín buíoch as an suáilceas agus an chúirtéis a léirigh sé dúinn.  
Casadh ar a chéile sinn go minic le blianta beaga anuas ar ócáidí oifigiúla, agus le gairid ag Ard-Oifig an Phoist le haghaidh chomóradh 1916, agus ag ceiliúradh ‘an chluiche álainn’, ag Glentoran agus sa Fhrainc ag Craobhchomórtas na hEorpa. 
Chomh maith lena sheirbhís sa saol poiblí, chreid sé i ngach gné den phobal cuimsitheach agus cuimhneofar air mar gheall ar a thacaíocht ghnaíúil do CLG Dhoire agus do Chlub Sacair Dhoire.  
Tá bearna fágtha ag a bhás a bheidh deacair a líonadh. Suaimhneas síoraí dá anam.”