Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Fidel Castro

Dáta: Sat 26th Sam, 2016 | 09:46

 "Is le dobrón a chuala mé faoi bhás Fidel Castro, bunaitheoir Chúba na haoise seo, agus a Phríomh-Aire ó 1959 go 1976, chomh maith lena Uachtarán ó 1976 go 2008.

 
Tar éis na réabhlóide in 1959, chuir Fidel Castro bonn suntasach polaitíochta agus sóisialta faoina thír agus fuair sé an ceann ab fhearr ar réim an Ghinearáil Fulgencio Batista agus chomh maith leis sin ar an imeallú eacnamaíochta a brúdh ar Chúba sna blianta ina dhiaidh sin.  
 
D’éirigh le Fidel Castro, ar thug a chomhpháirtithe ‘El Comandante’ air, teacht slán as tuairim is 600 iarracht é a mharú, agus d’éirigh leis a bheith ar dhuine de na Ceannasaithe Stáit ab fhaide a bhí i réim ar domhan, agus threoraigh sé an tír trí phróiseas suntasach claochlaithe shóisialta agus pholaitiúil, agus bealach forbartha a bhí uathúil agus neamhspleách á mholadh go diongbháilte aige.  
 
D’éirigh le Cúba ráta litearthachta 100%  a bhaint amach na blianta ó shin agus chruthaigh córas sláinte a bhfuil meas air ar fud an domhain. Agus rátaí fáis sa gheilleagar ar aon dul le cuid mhaith tíortha eile i Meiriceá Laidineach, níl an éagothroime agus an bhochtaineacht chomh soiléir i gCúba agus atá i náisiúin eile máguaird.

Ní hamháin go raibh dúshláin forbartha roimh a chuid rialtas ach chomh maith leis sin bhí iarmhairtí ag an trádbhac a chuir an chomharsa is mó ag Cúba, na Stáit Aontaithe, ar an tír, ábhar plé go rialta sna Náisiúin Aontaithe agus rud a cháin líon mór tíortha sa phobal idirnáisiúnta.

Ach saothraíodh go daor as na leasuithe eacnamaíochta agus sóisialta a tugadh isteach nuair a rinneadh teorannú ar an tsochaí shibhialta, rud a tharraing cáineadh air. 

Bhain Fidel Castro le glúin ceannairí a lorg córas eacnamaíochta agus sóisialta malartach. Bhí sé ina Uachtarán ar an nGluaiseacht Neamhailínithe agus ina phríomhphearsa i gcruinnithe idirnáisiúnta a bhí ag lorg domhain trádála níos cothroime, a dhiúltaigh fiacha fuafara agus a lorg bealach neamhspleách chuig an bhforbairt.

Chuir sé a leithéidí de smaointe chun cinn, ag imeachtaí mar an gComhdháil Trí-Ilchríochach in 1966. Agus lean sé leis an téama sin, a chuir bonn eolais faoin aitheasc a thug sé, mar shampla, ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar an gComhshaol agus ar an bhForbairt i Rio in 1992. Bhí sé ag labhairt ar an gcaoi go bhféadfaí deireadh a chur le hocras sa domhan agus ar an ualach ollmhór a bhí á chur ag fiacha idirnáisiúnta ar náisiúin bhochta. Bhíothas ag súil go dtabharfadh sé aitheasc fada, ach chuir sé críoch lena ráiteas gearr leis an bhfrása: ‘Íocaimis na fiacha leis an gcine daonna, ní na fiacha leis na bainc.’

Tá tréimhse nua i stair Chúba á stiúradh, tréimhse a bhfuil mar aidhm aici na buntáistí atá bainte amach sna réimsí sóisialta a choimeád, ach a bhfuil níos mó saoirse sa tsochaí shibhialta ag baint leo, tar éis athbhunú caidrimh leis na Stáit Aontaithe in 2014 agus thuras an Phápa Proinsiais agus a bhfuil mar thoradh orthu.  

Cuimhneofar ar Fidel Castro mar fhathach i measc cheannairí an domhain, a raibh mar dhearcadh aige saoirse dá mhuintir go léir agus do na daoine go léir ar an bpláinéad atá faoi chois agus imeallaithe.”