Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Dermot Gallagher

Dáta: Dom 15th Ean, 2017 | 12:26

“Is le brón mór a chuala mé faoi bhás Iar-Rúnaí Ginearálta na Roinne Gnóthaí Eachtracha, an tUasal Dermot Gallagher.

Chaith an tUasal Gallagher a shaol sa tseirbhís phoiblí,  bhí sé ina Ambasadóir céimiúil sna Stáit Aontaithe agus rinne sé cion fir do phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann.

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí chuig a chlann, a chairde agus a iar-chomhghleacaithe ag an am brónach seo.”