Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Dan Rooney

Dáta: Déa 13th Aib, 2017 | 22:41


"Is le brón mór a chuala mé faoi bhás Dan Rooney, iar-ambasadóir na SA in Éirinn agus comhbhunaitheoir  an Ireland Funds.

Cuimhnímse agus Saidhbhín ar chuairt an Ambasadóra Rooney agus a chlainne orainn in Áras an Uachtaráin le gean.

Bhí sé an-tiomanta d’Éirinn agus do mhuintir na hÉireann agus bhí tuiscint mhaith i gcónaí aige ar a fhréamhacha Éireannacha.

Bhí ionchur an-mhór aige san Ireland Funds. A bhuíochas dá dheonachán agus dóibh sin ó dhaoine eile, cuireadh tús le cuid mhaith tionscnamh a chuir an tsíocháin agus an t-athmhuintearas in Éirinn chun cinn,  rud a d’fhág fíoroidhreacht fhollasach.

Thuig gach aon duine a bhuail leis go raibh grá aige dá bhaile dúchais Pittsburgh agus don Pheil Mheiriceánach. Cuimhneoidh lucht leanúna an spóirt sin air mar gheall ar Riail Rooney, agus mar gheall ar na hiarrachtaí a rinne sé chun cuimsiú agus éagsúlacht a chur chun cinn sa spórt. 

Déanaimse agus Saidhbhín comhbhrón lena chlann agus lena chairde."