Ráiteas ón Uachtarán ar bhás Donal Toolan
Dáta: Lua 24th Aib, 2017 | 15:51
“Is le dobrón a chuala mé faoi bhás Donal Toolan, comhordaitheoir Fhóram na nDaoine faoi Mhíchumas agus iarbhall den Chomhairle Stáit.
B’urlabhraí tiomanta a bhí ann ar son reachtaíochta maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus bhí scil ar leith aige caidreamh a dhéanamh leo siúd uile a raibh sé ag deileáil leo.
Mar iriseoir, aisteoir agus feachtasóir rinne sé cion fir an-luachmhar do shaol poiblí na hÉireann.
Aireoimid go léir uainn é, go háirithe sinne a raibh sé de phribhléid againn aithne a bheith againn air.
Déanaim féin agus Saidhbhín comhbhrón ó chroí lena chlann, lena chomhghleacaithe agus lena chiorcal leathan cairde.”