Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás an Easpaig Éamon Casey

Dáta: Lua 13th Már, 2017 | 19:22

“Is le dobrón a chuala mé faoi bhás Éamon Casey, Iar-Easpag na Gaillimhe agus Chiarraí.
 
Cuimhneofar air mar gheall ar a chuid oibre i dtaca leis an easpa dídine agus leis an tithíocht i measc phobal imirceach na hÉireann sa Bhreatain.
 
Mar Chathaoirleach ar Trócaire, spreag sé an eagraíocht bheith ina ENR ceannródaíoch, i mbun feachtais ar son an chirt chomh maith le haghaidh a thabhairt ar chruatan agus anró sa chuid sin den domhan a bhí i mbun forbartha.
 
Cuireadh go mór le tuiscint mhuintir na hÉireann ar fhoinsí na coimhlinte i Meiriceá Láir agus i Meiriceá Theas, tar éis dó a bheith i láthair ag sochraid an Easpaig Romero a feallmharaíodh in El Salvador.
 
Nuair a bhí mé i mo Mhéara ar Ghaillimh, d’iarr an tEaspag Casey orm cuairt a thabhairt ar El Salvador, i gcuideachta Teachtaí Dála, agus labhairt le lucht reiligiúin agus le daoine eile a bhí i mbun tuairiscithe ar chearta an duine agus ar na dúnmharaithe a bhí ag tarlú.

B’údar crá croí do dhaoine eile a bhí i ngnéithe eile dá shaol agus ghabh an tEaspag Casey leithscéal astu agus bhí an-aithreachas air fúthu, agus d’fhulaing sé féin léan níos faide ar aghaidh ina shaol.  
 
Ar dheis Dé go raibh a anam.”