Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoi bhás Big Tom McBride

Dáta: Mái 17th Aib, 2018 | 11:26

“Is le brón a chloisfidh na daoine sin, a bhfuil an-dúil acu i gceol na hÉireann agus a thugann tacaíocht dó, faoi bhás Big Tom McBride.

Mar dhuine de na hamhránaithe ba tharraingtí agus ba mhó tionchar i gceol tíre na hÉireann, bhí meas forleathan ar Big Tom agus tá oidhreacht bhuan fágtha aige tar éis caoga bliain caite aige ag gabháil don cheol.  

Cuimhneofar le gean ar a ainm i measc na ndaoine sin a d’éisteadh leis agus a dhéanadh damhsa lena chuid ceoil le linn na n-oícheanta flaithiúla a chuir sé féin agus a bhanna ceoil ar siúl ar fud na hÉireann.

Bhí pearsantacht mhór aige agus é ar dhuine de na réalta ceoil tíre ba mhó sa tír agus is fearrde saol ceoil na hÉireann a ghrá don cheol agus a phaisean agus a scil.  

Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá theaghlach Thomas, Dermot, Aisling agus Siobhán, dá chlann agus dá chairde agus don iliomad daoine sa bhaile agus i gcéin ar thaitin an fear agus a cheol leo.”