Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás an Chaptaein Dara Fitzpatrick

Dáta: Mái 14th Már, 2017 | 16:24

"Is lá dorcha i stair Gharda Cósta na hÉireann atá inniu ann, agus ball den tseirbhís thábhachtach seo tar éis bás a fháil agus fóirithint á tabhairt ar dhaoine eile. 

Thar ceann mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don Chaptaen Dara Fitzpatrick a fuair bás inniu.

Táimid go léir buíoch as an misneach, an diongbháilteacht agus an tiomantas sármhaith d’aidhmeanna an Gharda Cósta a léirigh an Captaen Fitzpatrick agus a comhghleacaithe go leanúnach.

Táim ag smaoineamh ar a muintir ag an am deacair seo agus ar chlanna an chriú atá ar iarraidh chomh maith.  

Tá sé ceart go dtabharfaimis aitheantas d’iarrachtaí a comhghleacaithe sa Gharda Cósta agus iad ag obair in am an-bhrónach neamhchinnte mar seo. 

Ba mhaith liom, freisin, na seirbhísí éigeandála a mholadh, chomh maith le pobail áitiúla Mhaigh Eo, a thug aghaidh ar an dúshlán i gcomhar lena chéile le linn na tragóide seo."