Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Statement by President Michael D. Higgins on the attack on the Egyptian Coptic community

Dáta: hAo 26th Bea, 2017 | 17:47

“Thar ceann phobal na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do phobal na hÉigipte, agus go háirithe le daoine muinteartha na n-íospartach, tar éis an ionsaithe bhrúidiúil ar ghrúpa Críostaithe Coptacha a bhí ag taisteal chuig suíomh beannaithe Naomh Samúéil.

Ba cheart gur ábhar imní do gach duine sa phobal idirnáisiúnta a bheadh sna hionsaithe ar an bpobal Coptach san Éigipt, agus bhí siad ar cheann de na hábhair ar dhírigh mé orthu nuair a thug an Pápa Rónaofa Tawadros II cuairt orm níos luaithe an mhí seo.

Ag an gcruinniú sin phléamar tábhacht na saoirse maidir le creideamh agus le nochtadh smaointe – saoirse bhunúsach atá faoi bhagairt ag na hionsaithe is deireanaí seo.

Tá mo chomhbhrón curtha in iúl agam don Phápa Tawadros, don phobal Coptach in Éirinn, agus d’Ambasadóir na hÉigipte in Éirinn.”