Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar chomóradh 20 bliain shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta

Dáta: Mái 10th Aib, 2018 | 13:12

“Inniu, agus síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta cothrom an lae seo 20 bliain ó shin á chomóradh ag daoine ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin, is ceart agus cuí dúinn uile aitheantas a thabhairt don éacht a bhí ann agus do mhisneach na rannpháirtithe, agus chomh maith leis sin go dtiomnóimis muid féin dá bhuanú agus dá dhoimhniú.

D’fhógair an Comhaontú deireadh leis na blianta fada foréigin agus tús le caidreamh nua idir muintir an oileáin seo lenár ngarchomharsana sa Bhreatain.

Mar Uachtarán na hÉireann, molaim na daoine sin go léir – polaiteoirí, gníomhaithe, oibrithe pobail agus lucht dhiaspóra na hÉireann – a bhfuil tuiscint agus tiomantas gan staonadh taispeánta acu, agus creideamh sa tábhacht a bhaineann leis an bpróiseas síochána a fhorbairt agus a chothú trína bhfocail agus a ngníomhartha.  

Ar an lá seo, agus sinn ag smaoineamh agus ag machnamh ar a bhfuil bainte amach, ní mór dúinn, chomh maith, glacadh leis go bhfuil freagracht orainn tógáil ar an gComhaontú agus a chinntiú go gcuirfear gealltanas na todhchaí feabhsaithe i bhfeidhm, bunaithe ar an gcomhpháirtíocht, ar an gcomhionannas agus ar an gcóimheas.”