Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn - Juan Manuel Santos

Dáta: hAo 7th Dei, 2016 | 11:47

Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis comhghairdeas a dhéanamh le hUachtarán na Colóime  Juan Manuel Santos as Duais Nobel na Síochána 2016 a bhaint amach.

"Thar ceann mhuintir na hÉireann ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le hUachtarán na Colóime Juan Manuel Santos, chomh maith le muintir na Colóime, as Duais Nobel na Síochána 2016 a bhuachan.

Tá fáilte roimh chinneadh Choiste Nobel Duais Nobel na Síochána a bhronnadh ar an Uachtarán Santos as 'a chuid iarrachtaí diongbháilte chun deireadh a chur le cogadh cathartha na tíre atá ar siúl le 50 bliain’ agus é tuilte go maith aige. Is aitheantas agus spreagadh atá sa ghradam dóibh siúd sa Cholóim agus níos faide ó bhaile a bhfuil sé mar aidhm acu coimhlintí a réiteach trí mhodhanna síochánta.

Agus onóir á tabhairt don Uachtarán Santos tá aitheantas á thabhairt ag an gCoiste dóibh siúd go léir atá ag streachailt le tógáil an daonlathais mar thaca do chearta an duine agus d’fhorlámhas an dlí.

Cuireann an gradam seo i gcuimhne dúinn chomh maith gur deacair an cosán chuig athchóiriú na polaitíochta agus chuig an bhforbairt inbhuanaithe. Teastaíonn ceannaireacht agus diongbháilteacht, agus aitheantas don ghá atá ann tú féin a chur i mbróga an duine eile.

Ba mhaith liom moladh a thabhairt do na hiarrachtaí taidhleoireachta go léir a bhí mar bhonn ag próiseas síochána na Colóime, atá imithe ar gcúl le gairid ach atá fíorthábhachtach do mhuintir na Colóime. Ba mhaith liom a bpáirt i dtabhairt an phróisis go dtí an pointe seo a thréaslú le gach aon duine a bhí bainteach leis."