Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Michael D. Higgins – Jim McCann

Dáta: Déa 5th Már, 2015 | 10:53

Ar chloisteáil dó faoi bhás Jim McCann dúirt an tUachtarán Michael D. Higgins i ráiteas tráthnóna:

“Tháinig brón orm nuair a chuala mé faoi bhás an amhránaí ceol tíre iomráitigh Jim McCann.

Ar feadh na mblianta bhí lucht éisteachta faoi dhraíocht ag Jim McCann, sa bhaile agus thar lear, lena ghlór breá so-aitheanta. Thosaigh sé a ghairmréim leis an Ludlow Trio sna 1960idí, agus chuaigh sé a bhealach féin mar amhránaí aonair ina dhiaidh sin agus, ar ndóigh, bhí sé ina bhall de na Dubliners. Beidh áit speisialta aige i gcuimhne chomónta mhuintir na hÉireann de bharr an leagain phearsanta ar leith a bhí aige den amhrán ‘Grace’. Ba mhaith liom féin agus le Sabina ár gcomhbhrón a chur in iúl dá bhean chéile, Phyl, dá chara John Sheahan agus dá mhuintir agus dá chairde go léir. Ar dheis Dé go raibh a anam.”