Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis chruinnithe le Leas-Uachtarán na SA Joe Biden

Dáta: Céa 22nd Mei, 2016 | 11:58

22 Meitheamh 2016

 

Bhí áthas ar an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáilte a chur roimh Leas-Uachtarán na SA Joe Biden chuig Áras an Uachtaráin inniu.

Bhí Saidhbhín Uí Uigínn, baill d’fhoireann an Uachtaráin Uí Uigínn agus d’fhoireann Leas-Uachtaráin Joe Biden, i láthair ag an gcruinniú, mar aon le hAmbasadóir na SA Kevin O’Malley agus Ambasadóir na hÉireann Anne Anderson.

Rinneadh plé ar chúrsaí domhanda, na hÉireann agus na hEorpa, i measc ábhar eile.

San áireamh sna ceisteanna a pléadh bhí tábhacht lárnach chearta an duine i ndearcthaí polaitiúla an Uachtaráin agus an Leas-Uachtaráin araon. Go sainiúil, mhol an tUachtarán Ó hUigínn obair an Leas-Uachtaráin Biden ar dhíothú gach cineál foréigin in aghaidh na mban.

Rinne an bheirt ceannairí tuilleadh plé ar na ceisteanna reatha atá roimh an Aontas Eorpach agus ar an staid reatha maidir leis an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann. Rinneadh plé, freisin, ar an staid maidir leis an bplé agus leis an tacaíocht i dtaca leis an bpróiseas reachtaíochta maidir le muintir na hÉireann gan stádas sna Stáit Aontaithe.

Agus plé leathan á dhéanamh acu, dhírigh an Leas-Uachtarán Biden agus an tUachtarán Ó hUigínn ar fhorbairtí i Meiriceá Theas faoi láthair agus amach anseo.