Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Michael D. Higgins tar éis ócáid Cooperation Ireland in amharclann an Lyric i mBéal Feirsde

Dáta: Céa 27th Mei, 2012 | 15:46

Ráiteas ón Uachtarán Michael D. Higgins tar éis ócáid Cooperation Ireland in amharclann an Lyric i mBéal Feirsde, 27 Meitheamh, 2012

I mo ról mar chomhphátrún ar Cooperation Ireland, bhí an-áthas orm a bheith páirteach in imeacht na maidine a d’eagraigh an eagraíocht sin chun neart claochlaithe na healaíne agus an chultúir ar fud na hÉireann a aithint agus a cheiliúradh. Léiriú iontach den athrú chun feabhais atá tarlaithe i dTuaisceart Éireann le blianta beaga anuas is ea an áit a bhfuil an imeacht seo ar siúl, an amharclann nua – an Lyric Theatre. Bhí an-áthas orm bualadh le hionadaithe phobal na healaíon agus an chultúir a bhfuil a gcion tairbhe á dhéanamh acu chun cur leis an dóchas agus an dearfacht nua ar an oileán seo.

Bhí Sabina agus mé féin an-sásta leis an deis a fuaireamar coinne ghearr agus chairdiúil a bheith againn lena Soilse, Banríon Éilís II agus lena Mhórgacht Ríoga, an Prionsa Pilib. Thugamar chun cuimhne an chuairt stáit rathúil go hÉirinn anuraidh agus an tionchar dearfach a bhí aige ar an ngaolmhaireacht leathan idir Éire agus An Bhreatain. Chuir mé in iúl dá Soilse an mhian atá agam, le linn mo thréimhse san oifig, gach deis chuí a thapú le tógáil ar an múnla spreagúil sin de chaidreamh feabhsaithe idir Éire agus An Bhreatain.

Cuirim an-fháilte roimh an bhfíric gur imeacht an-chuimsitheach a bhí san ócáid seo ina raibh an ChéadAire agus an LeasChéad-Aire rannpháirteach. Bhí sé iomchuí go raibh sealbhóirí na comhoifige sin i láthair, mar a bhí, go deimhin, ar ócáid m’inshealbhaithe mar Uachtarán ar Éirinn. Is céim eile thábhachtach ar bhóthar an athmhuintearais ar an oileán seo a bhí sa mhalartú fáilte agus cuirtéise a tharla ar maidin. Creidim go mbeidh sé sin an-chabhrach i mbaint amach iomlán Chomhaontú Aoine an Chéasta agus i bhfeabhsú an chaidrimh idir na pobail go léir a chomhroinneann an t-oileán seo.