Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn, an Lá Domhanda SEIF 2022

Dáta: Déa 1st Nol, 2022 | 10:14

"Tá dhá scór bliain caite ó aithníodh na chéad chásanna den VEID, agus cé gur ábhar buartha é a bheith ag smaoineamh ar atmaisféar morálta agus eiticiúil na sochaí ag an am, tá sé tábhachtach go dtabharfaí fianaise dóibh siúd a mhair trí eispéireas an VEID agus an SEIF ag an am. Is iad siúd is mó a d'fhulaing sna 1980idí ná iadsan a fágadh gan chosaint ar an gclaonadh a tháinig as easpa tuisceana ar an VEID agus an SEIF, nó ar  leaganacha eile den leatrom sóisialta a bhí á léiriú go minic inár sochaí, agus atá fós.

Is é an toradh atá ar an troid in aghaidh phaindéim Covid-19, mar aon le go leor géarchéimeanna domhanda reatha, lena n-áirítear ocras mór agus gorta i gCorn na hAfraice agus ionradh mídhleathach na Rúise ar an Úcráin, ná go bhfuil an troid in aghaidh VEID/SEIF brúite síos ar an gclár oibre domhanda. Tá sé ríthábhachtach go gcoinneoimis an troid in aghaidh VEID/SEIF ar an gclár oibre de réir Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe deireadh a chur leis an ngalar faoi 2023.

Agus sinn ag féachaint siar ar an dá scór bliain atá caite, tá sé soiléir nach raibh freagairt dhóthanach ó institiúidí agus ó shochaithe i gcuid mhaith tíortha i mblianta tosaigh VEID/SEIF maidir le comhlíonadh a ndualgas dá saoránaigh. Tá dul chun cinn suntasach déanta, a bhuíochas sin le hiarrachtaí feachtasóirí agus eagraíochtaí feachtais, gníomhaíochas a bhí á chur ar siúl go minic os comhair an aineolais agus fiú an naimhdis. Ba mhaith liom an deis seo a thapú le haitheantas agus moladh a thabhairt do na gníomhaithe siúd, agus do na taighdeoirí a bhí ag obair i línte tosaigh na heolaíochta, as a n-iarrachtaí sa réimse fíorthábhachtach sin den bheartas sláinte poiblí.

Ach tá cuid mhaith limistéar ar domhan a bhfuil stiogma ag baint le VEID/SEIF fós, agus náire ag baint leis an ngalar a bheith tolgtha, áiteanna  nach bhfuil teacht ag daoine bochta ar chóir leighis.

Ta ábhar machnaimh ann go bhfuair níos mó ná 40 milliún duine bás ó thinnis a bhfuil baint acu le SEIF ó thús na heipidéime agus gur bhásaigh 650,000 duine ó thinnis dá leithéid in 2021. Cé go léiríonn sin laghdú 52% ó 1.4 milliún in 2010 agus laghdú 68% ón mbuaicphointe 2 mhilliún in 2004, fuair an chuid is mó den 650,000 sin bás de thoradh galar inchoiscthe agus ba chruálach mar a fuair siad bás go hóg. Is í an Afraic fho-Shahárach, áit a bhfuil cónaí ar dhá thrian de na daoine a bhfuil VEID tolgtha acu, is measa atá buailte ar domhan.

Tá go leor le déanamh fós ar an leibhéal domhanda agus caithfear tabhairt faoi go práinneach. Is é an dúshlán is lárnaí fós ná teacht ar an gcóireáil, mar nach bhfuil teacht ag tuairim leath díobh siúd a bhfuil VEID tolgtha acu ar chógais ais-antaivíreasacha a chuidigh leo siúd atá ag maireachtáil leis an víreas gnáthfhad saoil a bhaint amach. Ní bheidh dada seachas clúdach sláinte uilíoch agus teacht ar chúram sláinte ardchaighdeáin, lena n-áirítear rochtain ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, sách maith má bhíonn seans ar bith ann ár sprioc an galar a dhíothú a bhaint amach.

Is é seo an t-am le féachaint chun cinn ar a bhfuil le baint amach againn fós, inár sochaí féin in Éirinn agus i dtíortha ar fud an domhain, chun féidearthacht glúnta saor ó SEIF a fhíorú agus a chinntiú go mbeidh siad siúd atá ag maireachtáil le VEID a saol a chaitheamh gan stiogma, faitíos nó idirdhealú.  Tá dualgas orainn, freisin, feasacht ar shochaithe níos cuimsithí agus níos córa a chruthú.

Tagaimis le chéile, ar Lá Domhanda SEIF, chun freagairt a thabhairt a dhíothaíonn neamhionannais bunaithe ar ghnéas, ar ghnéasacht agus ar chine; ceann a ardaíonn dínit gach duine agus a shásaíonn éilimh an cheartais shóisialta; ceann a bheidh ábalta i ndáiríre VEID/SEIF a dhíothú agus a chinnteoidh go mbeidh siadsan a bhfuil VEID tolgtha acu ábalta a saol a chaitheamh saor ó stiogma, claontacht agus idirdhealú.

Beir beannacht.

Micheál D. Ó hUigínn

Uachtarán na hÉireann"