Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn le comóradh a dhéanamh ar Lá Domhanda na Daonnúlachta, 19 Lúnasa

Dáta: Dom 19th Lún, 2018 | 09:00

Rinne an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn Lá Domhanda na Daonnúlachta (19 Lúnasa) a chomóradh inniu, ag tarraingt airde ar thábhacht an chomhoibrithe idirnáisiúnta le dul i ngleic le riachtanais na sibhialtach a bhfuil tionchar mór ag coimhlintí foréigneacha orthu:
 
 
“I mí na Nollag 2008, d’ainmnigh na Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 19 Lúnasa mar Lá Domhanda na Daonnúlachta, le hurraim a thabhairt d’oibrithe cabhracha a cailleadh nó a gortaíodh i gcomhthéacs a gcuid oibre. 
 
Agus muid ag léiriú ómóis dóibh siúd ar chaith tréimhse a mbeatha ag cuidiú le daoine eile, cuimhnímid freisin ar fhulaingt an mhilliúin duine, a bhfuil a saolta agus a bpobail scriosta ag coimhlint fhoréigneach. 
 
Timpeall na cruinne, tá 65 mhilliúin duine tar éis teitheadh óna dtithe, agus dírítear níos mó agus níos mó ar phobail sibhialtach i sáruithe an dlí daonnúla idirnáisiúnta. 
 
Is féidir linn a bheith bródúil as dea-theist na hÉireann i leith tacaíocht a thabhairt do choimeádaithe síochána agus d’íospartaigh coimhlinte agus tubaistí nádúrtha, araon. 
 
Ar Lá Domhanda na Daonnúlachta, geallaimis go dtógfaí ar an eispéireas seo agus go leanfaimid orainn ag tabhairt misnigh dá chéile le gníomhaíocht a ghlacadh – agus polasaithe a chur i bhfeidhm – a chuideoidh linn deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus leis an bhforéigean”.