Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan 2023

Dáta: Céa 8th Már, 2023 | 10:17

"Mar Uachtarán na hÉireann cuirim mo bheannachtaí chucu siúd go léir a bhfuil Lá Idirnáisiúnta na mBan á cheiliúradh acu.  Lá speisialta atá ann inniu, nuair a dhéanaimid ceiliúradh agus cuimhneamh ar a bhfuil bainte amach ag na mná iontacha go léir a raibh tionchar mór acu ar ár saol. Is den tábhacht é an lá seo, freisin, nuair atá dualgas orainn dúshlán an iliomad éagóracha in aghaidh na mban in Éirinn agus thar lear a thabhairt.

Cé gur cheart gach dul chun cinn i dtreo an chomhionannais a cheiliúradh, níl aon amhras ach gur fhulaing na mná níos mó ná aon dream eile le linn phaindéim COVID-19. Ní mór aghaidh a thabhairt ar an bhfíric sin agus machnamh á dhéanamh ar thréimhse COVID-19.

Ba é an rud ba thromchúisí gur méadaíodh ar an bhforéigean in aghaidh na mban, go háirithe sa teaghlach, le linn thréimhse phaindéim COVID. Mar shampla, mhéadaigh glaonna ar an nGarda Síochána maidir le foréigean teaghlaigh 25% le linn na dianghlasála, agus glaonna ar líne chabhrach Chúnamh do Mhná os cionn 40%. Is ceisteanna lárnacha iad sin nach mór aghaidh a thabhairt orthu in aon athbhreithniú ar thaithí COVID, agus ní mór leanúint le gach iarracht chun dul i ngleic le foinsí agus cúiseanna an fhoréigin teaghlaigh agus ghnéasaigh in aghaidh na mban. 

Is ábhar imní ollmhór gur saintréith an iliomad spásanna poiblí agus spásanna caitheamh aimsire anois an t-iompar bagrach agus frithbhanda.   Tá an easpa rialála agus freagrachta maidir leis na meáin shóisialta fós ag cur isteach ar mhná ar bhealach diúltach go háirithe. Tá an t-athrú teicneolaíochta ag bogadh ar aghaidh níos tapúla ná an chosaint do shaoránaigh. Cé go bhfuil tairbhe shuntasach le baint as an teicneolaíocht, agus ní mór aitheantas a thabhairt do sin, tá bearnaí móra ann agus dúshláin nua ag teacht chun cinn nár mhór dul i ngleic leo.

Cé go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna sin, is gá dóibh siúd a bhfuil oideachas á sholáthar acu buneolas maidir le gnéasacht sa bhrí is leithne den téarma sin a scaipeadh. Ba cheart go mbeadh riachtanas ann meas a thaispeáint, agus an ceart é sin a mhothú, i dtaca le gach aon duine.  Ní mór é a mhúineadh, é a spreagadh agus pionós a ghearradh sá chás nach mbíonn a leithéid ann.

Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan seo, déanaimis athdhearbhú i dteannta a chéile ar ár dtiomantas Éire a thógáil ina mbeidh ár mbansaoránaigh go léir ábalta páirt iomlán a ghlacadh agus a gcumas iomlán a bhaint amach saor ón bhforéigean agus ón leithcheal."