Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis cruinnithe le hAire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht Arabach na hÉigipte

Dáta: Lua 18th Fea, 2019 | 15:47

Bhuail an tUachtarán Ó hUigínn inniu le hAire Gnóthaí Eachtracha Phoblacht Arabach na hÉigipte, an tUasal Sameh Shoukry. 

Tá an tAire Sameh Shoukry ar cuairt ar Bhaile Átha Cliath chun 40 bliain oscailte Ambasáid na hÉigipte in Éirinn a chomóradh. 

Phléigh an bheirt cheannairí ábhair ar suim leo beirt iad, ina measc an caidreamh déthaobhach idir Éire agus an Éigipt, próiseas na síochána sa Mheánoirthear agus comhtháthú na hEorpa. 

Chuir an tUachtarán béim ar an tábhacht a bhaineann leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach ar domhan, agus na deiseanna atá ann dá réir a bhaineann le huachtaránacht na hÉigipte ar an Aontas Afracach.