Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn i ndiaidh na tragóide ar an Chraoslach, Co Dhún na nGall

Dáta: Sat 8th Dei, 2022 | 09:16

“Is mian liom, mar Uachtarán, a chur in iúl go dtuigim an suaitheadh a bheidh roinnte ag gach duine ar fud na tíre agus iad ag foghlaim faoin tragóid uafásach atá tarlaithe ar an Chraoslach, Co Dhún na nGall.

Ní mór ár smaointe ar fad a sheoladh chucu siúd go léir a bhí tionchar ag an eachtra seo orthu. Iad siúd a fuair scéala maidir le cailleadh duine dóibh siúd is ansa dóibh, iad siúd a gortaíodh agus, ach go háirithe, iad siúd atá ag fanacht go himníoch le nuacht a fháil faoina ngaolta.

Is buille uafásach í an tragóid seo do phobal atá fite fuaite go dlúth agus ina mbeidh gach caillteanas agus gortú le brath ar gach ball den phobal agus i bhfad i gcéin.

Caithfimid ómós ar leith a thabhairt do na baill sin den phobal áitiúil agus de na seirbhísí éigeandála ar fud an oileáin a d’fhreagair chomh gasta sin do láthair an phléasctha agus a lean orthu ag obair ar feadh na hoíche le linn eispéireas a bhí corraitheach, gan aon dabht.

Seolann muid ár gcuid smaointe agus paidreacha is doimhne chucu siúd a cailleadh, agus a gcuid teaghlacha.

Ar dheis Dé go raibh a n-anamacha.”