Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoin gCuairt Stáit ar Mhálta a bheith curtha siar

Dáta: hAo 3rd Nol, 2021 | 14:26

"I bhfianaise a bhfuil tarlaithe le gairid agus imní faoi phaindéim COVID-19, is oth liom a rá go bhfuil cinneadh déanta agam an Chuairt Stáit a bhí le tabhairt agam an tseachtain seo chugainn ar Mhálta a chur siar. Táim fíorbhuíoch as an gcuireadh a thug an tUachtarán George Vella agus a bhean Miriam dom féin agus Saidhbhín agus  is mór agam an cairdeas fadbhunaithe idir an dá thír. 
 
Agus na bearta neartaithe atá socraithe ag an Rialtas sa tír an tseachtain seo chun troid in aghaidh COVID-19 á gcur san áireamh, tar éis treoir ón EDS agus an AE agus óna gcomhairleoirí leighis, táim tagtha ar an tuairim go mbeadh sé críonna an chuairt a chur siar.
 
Agus é sin á shocrú agam, beidh mé ag seasamh le muintir na hÉireann agus gach a bhfuilimid in ann á dhéanamh lena chéile againn le scaipeadh an víris a throid. 
 
Cé go bhuil an chuairt á cur siar agam, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don bhainistiú den scoth atá á dhéanamh ar an bpaindéim i Málta agus táim ag súil le cuairt atheagraithe a thabhairt in am agus i dtráth. Beidh deis ansin ag an Uachtarán Vella agus agam féin dul i gcaidreamh faoi thopaicí tábhachtacha roinnte, amhail todhchaí na hEorpa, an t-athrú aeráide, soláthar céimnithe vacsaíní ar bhonn domhanda, agus an cumas atá ann do chur chuige coiteann Eorpach maidir leis an imirce."