Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn, ar Lá Domhanda an Uisce

Dáta: Céa 22nd Már, 2023 | 10:00

"Is deis thábhachtach dúinn í Lá Domhanda an Uisce chun ríthábhacht an uisce ghlain agus na sláintíochta i gcomhair ár sláinte, ár gcomhshaol agus todhchaí ár bpláinéid a chur i gcuimhneamh dúinn. 

Is é téama Lá Domhanda an Uisce i mbliana " Borradh a chur faoin Athrú", agus tarraingíonn Comhdháil Uisce trí lá na Náisiún Aontaithe aird ar an ngá le gníomhú go práinneach má táimid le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 6 a bhaint amach - cinntiú go mbeidh fáil ag cách ar bhainistiú inbhuanaithe uisce agus ar shláintíocht. 

Is bunriachtanas na beatha atá in uisce. Cothaíonn sé sinn agus cuireann sé bonn faoi phobail shláintiúla agus faoi gheilleagair rathúla agus inbhuanaithe. Mar sin féin, in ainneoin a fhlúirse ar ár bpláinéad, is dúshlán don iliomad daoine ar fud an domhain, ár dtír féin san áireamh, teacht ar uisce atá glan agus sábháilte. 

Ní ábhar imní a bhaineann leis an gcomhshaol amháin atá i mífheidhmiú thimthriall an uisce, is fadhb thromchúiseach shóisialta agus eacnamaíochta atá ann a bhaineann an bonn ón dul chun cinn ar na ceisteanna móra domhanda, amhail sláinte, ocras, comhionannas inscne, jabanna, oideachas, inbhuanaitheacht agus síocháin.

Tá sé measta ag na NA nach bhfuil teacht ag dhá bhilliún duine agus os a chionn ar an bpláinéad ar uisce óil sábháilte. Nach mór an náire é go dtugtar tús áite d'aisíocaíocht fiachais i dtíortha go leor seachas infheistíocht i mbonneagar riachtanach, amhail bonneagar uisce, agus cearta an duine i dtaca le huisce agus le sláintíocht a bheith gan chomhlíonadh.

Tá foláireamh tugtha ag na NA chomh maith go dteastaíonn méadú faoi cheathair sa ráta reatha dul chun cinn má táthar le spriocanna uisce óil, sláintíochta agus sláinteachais a bhaint amach faoi 2030.  Ag na rátaí reatha, faoin mbliain sin beidh easpa uisce bainistithe go sábháilte ar 1.6 billiún duine, easpa sláintíochta bainistithe go sábháilte ar 2.8 billiún agus áiseanna bunúsacha i gcomhair sláinteachas lámh ar 1.9 billiún. Níor cheart glacadh leis sin.

Ar Lá Domhanda an Uisce 2023 seo, ní mór dúinn a aithint go mbainimid le clann mhór saoránach domhanda agus gealladh a dhéanamh borradh a chur faoi athruithe chun úsáidí níos inbhuanaithe a bhaint as uisce. Le chéile, trí dhul i ngleic leis an dúshlán mór domhanda sin, is féidir linn domhan a chruthú ina bhfuil teacht ag gach duine ar uisce sábháilte glan agus ar shláintíocht dhóthanach, agus áit ina gcosnaítear ár n-acmhainní roinnte ón truailliú, ón ró-úsáid, agus ón athrú aeráide, agus ina bhfuil meas orthu ar mhaithe le cách.   

Ní hamháin go bhfuil dualgas orainn sin a dhéanamh, ach is infheistíocht inár dtodhchaí chomhroinnte atá ann."