Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoin gcoinbhleacht agus faoin ngéarchéim dhaonnúil atá san Aetóip

Dáta: Déa 26th Sam, 2020 | 11:23

Tá imní léirithe ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn faoin gcoinbhleacht atá ag dul ar aghaidh go fóill san Aetóip agus faoin ngéarchéim dhaonnúil atá mar thoradh uirthi agus tá súil aige go nglacfar le hiarrachtaí réigiúnacha a chuideoidh leis an gcás a réiteach.

Agus a thurais chuig an Aetóip á dtabhairt chun cuimhne aige, chuir an tUachtarán Ó hUigínn béim ar an ngá go gcuirfeadh gach páirtí pé brú is féidir leo chun toradh a bhaint amach ar bhonn práinneach a mhaolaíonn an choinbhleacht, a thugann aghaidh ar riachtanais dhaonnúla na ndaoine atá i mbaol agus a athdhíríonn acmhainní polaitiúla chun réiteach buan a fháil ar an ngéarchéim.

Rinne an tUachtarán Ó hUigínn a mhachnamh ar an dóchas a bhí ag an oiread sin daoine sna forbairtí dearfacha polaitiúla agus eacnamaíochta san Aetóip le blianta beag anuas.

Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn: “Tá comhairle chríonna ag teastáil anois chun cuidiú leo sin atá i gceannas seasamh siar ón imeall agus an spás a chruthú i gcomhair an chomhrá agus na rannpháirtíochta ar mhaithe leis na daoine. Mar Uachtarán na hÉireann, tairgim mo thacaíocht d’iarrachtaí Chairde na hAetóipe ó réigiún an Aontais Afracaigh agus ó áiteanna níos faide i gcéin, chun cuidiú le sos cogaidh a bhunú go tapa agus slí inmharthana chun cinn a aimsiú.”