Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoin tine in Notre Dame

Dáta: Lua 15th Aib, 2019 | 20:25

"Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom braistint dhlúthpháirtíocht mhuintir na hÉireann le muintir na Fraince a chur in iúl maidir leis an díobháil thubaisteach a tharla do cheann de na foirgnimh is aitheanta san Eoraip – foirgneamh atá roinnte ag muintir Phárais leis na milliúin duine ó gach cearn den domhan, mar chuid d’oidhreacht chultúrtha dhomhanda chomhroinnte.

Tharla damáiste tubaisteach roinnt mhaith uaireanta d’Ardeaglais Notre Dame thar na céadta bliain agus tá súil agam go dtiocfaidh sé tríd an tubaiste uafásach is déanaí seo."