Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Statement by President Michael D. Higgins on the earthquake and tsunami in Indonesia

Dáta: Sat 29th Meá, 2018 | 11:17

Ar son mhuintir na hÉireann ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do mhuintir na hIndinéise, go háirithe dóibh siúd a bhfuil daoine muinteartha leo tar éis bháis sa chrith talún agus sa súnámaí a bhuail Sulawesi. 

Cásaímid beirt, Saidhbhín agus mé féin, leo siúd a bhfuil baill dá dteaghlaigh caillte nó atá gortaithe agus a bhfuil an tubaiste ag cur isteach orthu.  

Tá moladh mór ag dul do na chéad fhreagróirí agus dóibh siúd go léir a tháinig chun cabhrú leis na híospartaigh. Go bhfaighe siad an cúnamh práinneach agus an dlúthchomhar ón bpobal domhanda agus a institiúidí atá de dhíth orthu.