Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn ar bhás Seymour Crawford.

Dáta: Dom 21st Dei, 2018 | 16:21

“Is maith is cuimhin liom, le gean, an phearsantacht ghnaíúil agus mhealltach a bhí ag Seymour Crawford.

Bhí Seymour ina ionadaí diongbháilte, agus luachanna, cultúr agus traidisiúin Chontae Mhuineacháin á gcur chun cinn aige. Ba ghuth luath a bhí ann ar son comhoibriú trasteorann. Chuir na traidisiúin go léir a raibh sé ina ionadaí dóibh go mór le saol na hÉireann agus lenár saolna, sinne a bhí inár gcomhaltaí san Oireachtas leis.

Léirigh Seymour a chairdeas croíúil agus a chomhluadar maith le gnaíúlacht dhóite i gcónaí. 

Déanaimse agus Saidhbhín comhbhrón ó chroí dá chlann agus don iliomad cairde a bhí aige.”