Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás do Sheán Tyrrell

Dáta: Dom 31st Dei, 2021 | 11:30

"Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Seán Tyrrell, duine dár trúbadóirí ba bhreátha, ba chumasaí, ba cheannródaíche agus ba chruthaithí. Ní féidir linn dearmad a dhéanamh gurbh é Seán a chuir ceol le dán 1,206 líne an fhile ón 18ú haois Brian Merriman, Cúirt an Mheáin Oíche i léiriú de chuid Amharclann Druid, ina raibh páirt den scoth ag taibheoir iontach eile, agus cara an cheoil, Mary McPartlan, a fuair bás le gairid.
 
Cuimhneofar, freisin, ar Sheán Tyrrell as a shaothair amhail Message of Peace, a shaothar ar shaol John Boyle O’Reilly, a chomhshaothar le healaíontóirí idirnáisiúnta  Songs of Peace, comóradh ar shaol agus ar shaothar Francis Ledwidge, agus a albam cinniúnach The Orchard i measc an iliomad ionchur i saol an cheoil tíre.
 
Shiúil mé féin agus Seán isteach in OÉG ar an lá céanna i bhfómhar na bliana 1962, agus ar feadh na mblianta ó shin i leith ba thabhartas iontach a bhí ann cairdeas a roinnt leis.  
 
Ba mhaith liom féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl do Connie, Áine, Róisín, Benjamin, Ciaran agus Lilia, agus do mhuintir agus do chairde Sheáin go léir."