Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas an Uachtaráin Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Sheáin Stafford

Dáta: Céa 26th Lún, 2020 | 07:13

Is le brón agus le haiféala a chuala mé an droch-nuacht go bhfuair Séan Stafford bás.

Le breis is leathchéad bliain, bhí Seán ina cheanródaí mar aisteoir, léiritheoir agus mar bhall de Bhord na Taibhdheirce, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. Ard-phointe mar léiritheoir aige a bhí an drama “Mise Raifteirí an File” de chuid Criostóir Ó Floinn le Mick Lally sa phríomh ról, ach cuimhneófar air go mór mhór don tacaíocht, don speagadh agus do na deiseanna a thug Séan do na céadta aisteoirí, scríobhnóirí agus léiritheoirí a chéirdeanna a chleachta trí mheán na Gaeilge agus don siamsaíocht a cuireadh ar fáil don phobal dá bharr.

Lena bhean chéile Máire, nach maireann, bhí tionchar dearfach ullmhór ag Seán Stafford ar chursaí ealaíona na tíre seo. Táimid go mór faoi chomaoin acu beirt. 

Bhí Seán ina chara mhaith dom féín agus do Shaidhbhín. Ár gcomhbhrón ó chroí dá chlann, Ruairí, Fionnuala, Maelíosa, Órfhlaith agus Conall, gaolta eile nach iad agus a cháirde uilig.

Suaimhneas síoraí dó.