Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás do Rodney Rice

Dáta: Dom 29th Lún, 2021 | 19:08

Is le brón mór a chloisfidh na daoine sin uile, a bhfuil spéis acu sa pholaitíocht agus sa cheartas domhanda, ach go háirithe iad siúd ar chuir sé domhan na saoirse, na gcomhrac, an neamh-chomhionannais, an ghorta agus na n-imircí éigeantacha os a gcomhair, faoi bhás Rodney Rice, craoltóir, iriseoir agus léiritheoir. B’obair cheannródaíoch a bhí sa ghné sin dá obair do RTÉ ar feadh dhá scór bliain. Bhí a ghuth ar cheann díobh siúd ba luaithe, ba chróga agus ba sheasta a chuir in aghaidh na cinedheighilte san Afraic Theas.

Rinne sé iarracht díospóireacht faoi ghnóthaí poiblí na hÉireann agus tuiscint orthu a chur chun cinn trína chuid oibre iniúchta agus go háirithe tríd a chlár seachtainiúil. Agus sin á dhéanamh aige, chuidigh sé le craoladh cúrsaí reatha RTÉ a mhúnlú, chomh maith lena raibh an pobal ag súil leis de réir a chéile mar ról an chraoltóra náisiúnta sa réimse sin.

Ach, thar aon ní eile, beidh na glúnta de phobal agus d’oideachasóirí na hÉireann ar an eolas faoina ndearna sé chun glórtha na ndaoine ba bhoichte agus b’imeallaithe a thabhairt isteach i dtithe na hÉireann, trína thuairisciú sa tsraith ‘Worlds Apart’ agus trína thacaíocht do chuid mhaith d’eagrais forbartha na hÉireann, a lean ar aghaidh fiú agus é ar scor. Bhí meas mór air dá bharr.

Ar feadh a chuid oibre, ba í Margo a pháirtí mór. Seolaim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí chuici agus chuig a gclann - Cian, Caitríona agus Eoghain, chuig a mhuintir agus chuig a chiorcal leathan cairde sa bhaile agus thar lear.

Síocháin shíoraí dó. Leis na haingil go luí sé.