Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás na Banríona Eilís II

Dáta: Déa 8th Meá, 2022 | 18:36

"Is cúis mhór aiféala agus údar bróin mhóir phearsanta a chloisteáil gur bhásaigh an  Bhanríon Eilís II.
 
Ar son mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl  don Rí Séarlas agus don Teaghlach Ríoga faoina gcaillteanas mór pearsanta.  Déanaim comhbhrón ó chroí le muintir na Breataine agus le baill an Chomhlathais ar bhás Cheann Stáit uathúil tiomanta a raibh an-mheas uirthi.
 
Rinne an Bhanríon fónamh do phobal na Breataine le dínit thar an ngnáth. Bhí a tiomantas pearsanta dá ról agus a grá dá dualgas as cuimse ina saintréithe dá tréimhse mar Bhanríon, agus beidh áit ar leith aici i stair na Breataine.
 
Cuimsíodh tréimhsí athruithe ollmhóra ina réim a mhair 70 bliain agus léirigh sí foinse den scoth den athdhearbhú do mhuintir na Breataine.  B'athdhearbhú a bhí ansin a bhí bunaithe ar an réadúlacht maidir le suntas na n-eachtraí reatha, seachas aon léamh caolaigeanta ar an stair. Léiríodh é sin ar shlí an-mhaith trí spiorad iontach na féile, rud a chuidigh le caidreamh níos cuimsithí a chothú le muintir na Breataine iad féin agus leo siúd a raibh caidreamh casta, go minic deacair, ag a tír leo.
 
Mar Uachtarán na hÉireann, tugaim chun cuimhne an fháilte eisceachtúil a chuir an Bhanríon agus an Prionsa Pilib roimh Shaidhbhín agus romham féin ar ár gCuairt Stáit ceithre lá chuig an mBreatain in 2014.  Rinneamar ceiliúradh lena chéile ar an gceangal domhan pearsanta idir muintir na hÉireann agus na Breataine, ceangal a léirítear ag na céadta míle teaghlach a bhog idir ár dtíortha thar na céadta bliain.
 
Mar is eol dúinn, labhair an Bhanríon go minic ar an sásamh a bhain sí as a Cuairt Stáit féin chun na hÉireann in 2011, an chéad chuairt dá leithéid ag monarc Briotanach ó bhain Éire neamhspleáchas amach. Lena linn sin rinne sí an oiread sin le focal deaslabhartha agus le comhartha fhial chun an caidreamh idir ár dá thír a fheabhsú.
 
Bhí cuairt na Banríona Eilís ríthábhachtach chun bonn daingean a leagan faoi thuiscint iontaofa agus eiticiúil idir ár dtíortha.  Le linn na laethanta dodhearmadta sin aon bhliain déag ó shin, níor sheachain an Bhanríon néalta an ama a caitheadh. Bhi ardmheas ag muintir na hÉireann ar a cuid focal agus a comharthaí agus leag siad bonn faoi chaidreamh nua réamhbhreathnaitheach idir ár náisiúin - ceann  bunaithe ar mheas, dlúthpháirtíocht agus cairdeas macánta. 
 
Agus sinn ag cásamh lenár gcomharsana sa Ríocht Aontaithe tar éis bhás chara ar leith d'Éirinn, cuimhnímid ar an ról a bhí ag an mBanríon Eilís i gceiliuradh ár gcairdis chroíúil agus bhuain, agus ar an tionchar a bhí aici ar na ceangail tuisceana idir ár dhá mhuintir. Aireofar uainn go mór í.
 
Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis."