Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar bhás an Phápa Emeritus Benedict XVI

Dáta: Sat 31st Nol, 2022 | 10:50

"Is faoi scamall bróin a chuala Caitlicigh fud fad na cruinne faoi bhás an Phápa Emeritus Benedict XVI. 

Faoi láthair agus cogadh ar ár mór-roinn agus in go leor áiteanna eile ar fud an domhain, cuimhneofar air as a iarrachtaí díograiseacha le cosán roinnte a aimsiú i dreo síochána agus dea-thola i ngach cearn den domhan. Smaoineofar air go háirithe maidir leis an tsuim dhiongbháilte a bhí aige i dTuaisceart Éireann. 

Cuimhneofar air freisin as an luach a leag sé ar an obair intleachtúil agus ar an tiomantas pearsanta a thug sé don Eaglais Chaitliceach Rómhánach, a raibh meas ag lucht leanúna agus cáinte araon air. 

Déanaim comhbhrón lena theaghlach, leis an bPápa Proinsias, leis an Ardeaspag Eamonn Martin, lena chairde agus chomhghleacaithe, mar aon le baill an chreidimh Chríostaí in Éirinn agus thar lear."