Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Peter Brooke

Dáta: Lua 15th Bea, 2023 | 22:17

"Is le brón tar éis a bháis ar mhaith liom ómós a léiriú do Peter Brooke, a rinne seirbhís i Rialtas na Ríochta Aontaithe, mar Rúnaí Thuaisceart Éireann i measc poist eile; le linn an ama sin rinne sé ionchur dearfach agus luachmhar ag tráth suntasach i bpróiseas na síochána.
 
Ba le linn a thréimhse mar Rúnaí Stáit don Oidhreacht Náisiúnta ar bhuail mise le Peter Brooke.
 
Tugaim chun cuimhneamh le cion an plé a rinneamar ar a shinsear Charlotte Brooke, a d'fhoilsigh 'Reliques of Irish Poetry' ag deireadh an 18ú haois, ina raibh filíocht na hÉireann i nGaeilge agus a cuid aistriúchán go Béarla ar gach dán. Is cuimhin liom a chuid iarrachtaí le cuid de shaothar Charlotte Brooke a aimsiú, lenar chuidigh mé leis.
 
Ni fhéadfadh nach rachadh an spiorad oscailte agus mealltach a bhí in Peter Brooke dul i bhfeidhm ort.   
 
Ba dhuine é a raibh léargas mórchroíoch aige ar an bpolaitíocht agus tá a ghrá do na leabhair ar cheann de na cuimhní is buaine atá agam.
 
I measc mo chuid páipéar tá litir lámhscríofa dheas a sheol sé chugam nuair a d'éirigh sé as a bheith ina Chomhalta Parlaiminte, gníomh a raibh sé an-stuama agus greannmhar faoi.
 
Is é a thug sé chuig an bpolaitíocht ní hamháin dúthracht do luach na polaitíochta ach caidreamh gnaíúil agus oscailte.
 
Aireofar go mór uainn é."