Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar bhás Pelé

Dáta: Déa 29th Nol, 2022 | 19:10

"Is faoi scamall bróin a chuala lucht leanúna peile ar fud an domhain nuair a fógraíodh bás Edson Arantes do Nascimento, nó Pelé mar is fearr aithne air.  

Tá sé tochtmhar freisin gur cailleadh Pelé chomh luath sin tar éis Chorn an Domhain, an t-ardán ab fhearr ar sheas sé air. is ionann ainm Pelé agus Corn an Domhain agus é mar aon t-aon imreoir ar éirigh leis an corn a bhaint trí huaire. Tá íomhá Pelé fite fuaite leis an gCorn Domhanda ón bpictiúr dubh agus bán sin dá chéad chúil mar dhéagóir 17 mbliana d’aois sa tSualainn i 1958, go dtí an léiriú ildaite dó dhá bhliain déag ní ba dhéanaí i Meicsiceó 1970 nuair a bhí an bua ag an bhfoireann Bhrasaíleach ab fhearr riamh. 

Is cinnte gurb ionann a ainm agus an pheil í féin, agus beidh go deo, agus é aitheanta mar an peileadóir ab fhearr riamh. Anuas ar an tallann eiseamláireach a bhí aige, agus a ngaiscí maidir lena líon cúl, beidh glúnta an todhchaí spreagtha ag an áthas ar thug sé faoi gach cluiche leis.  

Thóg sé an spiorad sin leis trasna thairseach na páirce agus chonacthas é freisin ina shaol tríd an tacaíocht a thug sé do chúiseanna daonnúla nuair a d’imigh sé ar scor.

Bhí sé de phribhléid agam bualadh le Pelé cúpla uair sna 1980í agus 1990í. Bhuaileamar den uair dheireanach ar chuairt oibre ar Mheicsiceó in Guadalajara in 2013. Inár gcruinnithe ar fad, chuaigh a lúcháir, an lúcháir chéanna a bhíodh air agus é ar an bpáirc imeartha, i bhfeidhm go mór orm."