Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. O hUigínn ar bhás Phadraic Fiacc

Dáta: Mái 22nd Ean, 2019 | 12:36

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Padraic Fiacc (Patrick Joseph O’Connor), file clúiteach a raibh léargas ar leith agus réalachas misniúil ag baint leis. Bhí Padraic Fiacc ina chomhalta d'Aosdána agus ardmheas air.

D'fhulaing Padraic Fiacc tragóid agus caillteanas, agus ní raibh fuacht na faitíos air gnéithe dorcha, buartha agus an-chorraitheach a léiriú ina véarsaíocht.  

D'ardaigh sé ceisteanna ríthábhachtacha ar shlí mhisniúil faoin gcaidreamh idir an fhilíocht, an foréigean agus an teanga. Ba dhaingean a léiriú ar na Trioblóidí agus nocht sé macántacht nach raibh a shárú ann.  B'ionchur ar leith a bhí ann ar íocadh go daor as. Ba léir don dall an dáimh a bhí aige ina shaothar le daoine scanraithe agus basctha ar  'chaon taobh den deighilt.   

Bhí sé de phribhléid agam cuairt a thabhairt air an tseachtain seo caite agus ceann dá dhánta a léamh dó, dán a tiomnaíodh dá chara Gerald Dawe. Tá oidhreacht a bhfuil déine áirithe ag baint léi fágtha ag Padraic Fiacc.

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá chlann, dá chairde agus dá chomhghleacaithe. Aireoimid go léir, a raibh sé de phribhléid againn aithne a bheith againn air, uainn é."