Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ó Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Paddy Ashdown

Dáta: Sat 22nd Nol, 2018 | 23:20

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh Paddy Ashdown, iarTheachta Parlaiminte agus Ceannaire na nDaonlathaithe Liobrálacha sa Ríocht Aontaithe.

Chuir Paddy Ashdown a chuid fuinnimh agus a ionracas ar leith chun tairbhe a chuid oibre agus a chuid feachtas, agus mar an gcéad cheannaire tofa ar na Daonlathaithe Liobrálacha bhunaigh sé a pháirtí ina chumhacht shuntasach i bpolaitíocht na Breataine.  

Tar éis dó éirí as an bpolaitíocht ghníomhach, moladh é go forleathan as a ról mar Ard-Ionadaí don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, agus cúram air maoirseacht a dhéanamh ar na comhaontuithe síochána san iar- Iúgslaiv.

Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá chlann, dá chairde agus dá chomhghleacaithe.

 Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.”