Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar bhás Michael O’Kennedy

Dáta: Sat 16th Aib, 2022 | 15:55

“Ba chúis mhóir bhróin í dom nuair a chuala mé faoi bhás m’iar-chomhghleacaí parlaiminte Michael O’Kennedy. 

Chaith Michael O’Kennedy a shaol i mbun seirbhíse do mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear i gcáileanna éagsúla agus i gcónaí le gradam. Beidh brón ar dhaoine ar fud Chontae Thiobraid Árann agus níos faide i gcéin nuair a chloiseann siad inniu faoina bhás. 

Chaith Michael O’Kennedy a shaol sa tseirbhís phoiblí i róil éagsúla, gairm pholaitiúil ar feadh níos mó ná 30 bliain mar TD, Sheanadóir, Choimisinéir Eorpach agus mar Aire i réimsí éagsúla. Mar Abhcóide Sinsearach céimiúil, bhí sé an-mhór lena chomhghleacaithe i rannóg an dlí mar aon lena chomhghleacaithe parlaiminte ó gach réimse den saol polaitiúil. 

Is mian liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena bhean Breda, a chairde Brian, Orla agus Mary, a theaghlach agus a ghrúpa mór cairde”.