Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoi bhás Mháire Mhac an tSaoi

Dáta: Dom 17th Dei, 2021 | 17:18

“Is cúis mhór bhróin a bheidh ann do phobal na Gaeilge nuair a chloisfear faoi bhás Mháire Mhac an tSaoi, scoláire Gaeilge, scríbhneoir mór le rá, ball d’Aosdána agus duine d’fhilí ceannródaíocha na Gaeilge san fhichiú haois,. 

Rugadh Máire Mhac an tSaoi sa bhliain 1922 agus bhí sí bródúil as a fréamhacha i gCiarraí. Ba í Margaret Browne MacEntee a máthair agus an polaiteoir Seán MacEntee a hathair, fear a bheadh ina Thánaiste níos déanaí ina shaol. Bhí tallann thar na bearta inti, bhí sí ar cheann dár scríbhneoirí ba chruthaithí agus bhí ionchur mór suaithinseach aici inár sochaí i dtéarmaí na litríochta, na taidhleoireachta agus thar aon ní eile na filíochta.  

Bhí pearsantacht láidir fhíorshuimiúil aici agus níor thug sí aird ar ghnás na haimsire ná ar a rabhthas ag súil uaithi, ar bhealach ar leith. Ba scríbhneoir bisiúil a bhí inti agus paisean tógálach aici don Ghaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta ar feadh a saoil.  

Cé gur tharraing sí as traidisiún na hAthbheochana Ceiltí ina cuid filíochta trína heispéiris, a paisean, a scileanna agus a cuid tuairimí a chur in iúl, rinne sí ionchur sainiúil pearsanta ar leibhéal ard i bhfilíocht na Gaeilge agus bhí sí ar cheann de na filí a raibh an tionchar ba mhó acu san fhichiú haois. Tugaim chun cuimhne, mar shampla, a breithiúnas géarchúiseach criticiúil ina heagrán de Poetry Ireland.

Bronnadh an iliomad gradam ar Mháire Mhac an tSaoi ar feadh a gairmréime gradamaí, lena n-áirítear Duais Filíochta O’Shaughnessy ón Institiúid Chultúrtha Ghael-Mheiriceánach, an chéim D. Litt. Celt. (honoris causa) agus a toghadh ina ball d’Aosdána in 1996. 

Bhí sí ina ceannródaí i seirbhís taidhleoireachta na hÉireann, agus thug sí seirbhís mar dhuine den bheagán bantaidhleoirí dá glúin. Bhí sí lánmhisniúil, mar a bhí a fear céile, Conor Cruise O’Brien, nach maireann, agus b’inspioráid í do dhaoine go leor. 

Aireoidh na daoine sin go léir ar feadh na nglúnta a raibh aithne acu uirthi agus eolas acu ar a saothar go mór uathu í agus go háirithe iad siúd a raibh tuiscint acu ar an nGaeilge agus ar chumhacht a cuid focal.

Ba mhaith liom féin agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá clann, Patrick agus Margaret, dá leasiníon Fedelma agus dá muintir agus do chiorcal leathan a gcairde.

Suaimhneas síoraí dá hanam uasal.”