Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás do Liam Kavanagh

Dáta: Lua 13th Nol, 2021 | 18:35

“Is cúis mhór bhróin a bheidh ann do dhaoine i gContae Chill Mhantáin, agus go deimhin do shaol na polaitíochta trí chéile, nuair a chloisfear gur bhásaigh Liam Kavanagh inniu. Bhí Liam chomh daingean le carraig i saol polaitíochta an chontae, agus d’fhreastail sé mar TD ó 1969 tríd ocht bhfeachtas rathúla olltoghchánaíochta eile go dtí 1997. 
 
B’fhostaí diongbháilte sa tseirbhís phoiblí é agus Aire éifeachtach; b’fhéidir gur fearr a chuimhneofar air as an iliomad tithe comhairle contae a sholáthair sé le linn a théarma mar Aire Comhshaoil sna 1980idí. 
 
Ar feadh a chuid ama sa pholaitíocht – mar TD, Aire agus FPE – agus ina dhiaidh sin mar bhall den Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, léirigh Liam Kavanagh é féin mar fhear fíor-ionraic agus tá a fhios agam go n-aireoidh siad siúd a ndearna sé freastal orthu le dúthracht ar feadh a shaoil uathu go mór é. 

Ba mhaith liomsa agus le Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl do bhean Liam, Margaret, dá iníon Rosemary, dá gharchlann Áine agus Rían, dá dheartháir  Jimmy agus dá dheirfiúr Therese agus dá mhuintir agus dá chairde chomh maith.”