Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás John Hume

Dáta: Lua 3rd Lún, 2020 | 10:23

“Is cúis mhór bróin dóibh siúd ar fad a lorg agus a d’oibrigh ar son síocháin ar oileán na hÉireann, agus inár gcroíthe ar fad bás John Hume, Buaiteoir Dhuais Nobel don tSíocháin agus Státaire.

Ní áibhéil ar bith é a rá go ndearna John Hume an pholaitíocht in Éirinn a athrú ó bhonn agus a athmhúnlú, trína chuid focal, trína thaidhleoireacht chríonna agus trína bheith sásta éisteacht leis an tuairim ‘Eile’, rud ba dheacair glacadh leis uaireanta agus lorg sé an tsíocháin lena chrógacht phearsanta agus a cheannaireacht chomh maith leis an gcreideamh daingean a bhí aige i bprionsabail agus i luachanna an fhíordhaonlathais.

Dhearbhaigh tiomantas domhain John do na luachanna seo agus don chaoinfhulaingt agus don cheart sóisialta bunphrionsabail an daonlathais, rud a léirigh sé go praiticiúil, cé gur cuireadh ina aghaidh go láidir agus go ndearnadh bagairt fhollasach air féin agus ar a chlann go minic. Tá daoine faoi chomaoin aige géin agus na daoine eile a chuidigh linn ré nua a chumasú maidir le cearta sibhialta agus le rialtas freagrúil, ar bheag daoine a cheap é a bheith indéanta.

Ba chúis mhór áthais a bhí i mbronnadh Dhuais Nobel na Síochána air in 1998 mar aitheantas cóir ar a chuid iarrachtaí, ní hamháin dá phobal i nDoire ach do ghrúpa dá chomhghleacaithe sa pholaitíocht, go háirithe san SDLP, ach do chomhghleacaithe níos leithne ar fud an domhain agus dóibh siúd a bhí i bhfách go mór leis an tsíocháin agus a raibh ardmheas acu air agus ard-ómós acu dó.

Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom a rá gur cheart dúinn a bheith buíoch go raibh leithéid John Hume againn chun léas dóchais a thabhairt dúinn le linn tréimhse a bhí fíordheacair.

Ba é Seamus Mallon, an státaire iontach eile a lorg agus a thóg síocháin, a dúirt: “Bhí fear taobh istigh a raibh rud mór le déanamh aige. Tá fíorbhrón ag baint lena shaol polaitiúil sa mhéid a rinne sé agus a chabhraigh sé le baint amach. Chuirfinn i gcomhluadar Parnell agus Dónall Ó Conaill é.”

Tá muid faoi mhéala sa bhliain dheacair seo 2020 do bheirt aspal agus beirt a lorg síocháin.

Más mór an chailliúint é do gach duine ar an oileán seo, is mó an chailliúint é dá theaghlach. Cuirim féin agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí chuig a bhean chéile Pat, chuig a chlann agus chucu siúd go léir a raibh grá acu dó.

Síocháin síoraí lena anam.”