Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. O hUigínn ar bhás Jim Fahy

Dáta: Sat 15th Ean, 2022 | 12:20

"Is le brón mór a chloisfidh lucht féachana RTÉ agus pobail iarthar na hÉireann, áit ar thug sé foirne teilifíse agus raidió RTÉ ar feadh na mblianta, faoi bhás an chraoltóra agus an déantóir clár faisnéise Jim Fahy.

Bhí Jim ar cheann de shárchraoltóirí na hÉireann, fíric a léiríodh le breis agus dhá scór gradam náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhuaigh sé thar a ghairmréim shármhaith. Maidir leis na glúnta daoine ba ghlór aitheanta a bhí ina ghlór a bhí bainteach go dodhearmadta le tuairisciú imeachtaí ar fud iarthar na hÉireann le linn a 38 bliain mar chéad Chomhfhreagraí an Iarthair de chuid RTÉ.

Is éard a thug sé chuig a chuid oibre ná caighdeán ard iriseoireachta a múnlaíodh i dTuaim i dtimpeallacht páipéir nuachta a raibh meas ar an stair ina dhúchas.  Chuir se a thuairisciú i láthair ar shlí mheasartha agus chúirtéiseach a léirigh é sin agus tuilleadh - meas ar an insint nach bhfaca aon teannas idir an cruinneas agus an slacht. Shnoigh sé go leor píosaí fada, ina measc píosa álainn ar thréigean Ghabhla. 

Ar ócáid an lae dheiridh ag Jim in RTÉ ar an 31 Nollaig 2011, thug mé le tuiscint gurbh é an chéad rud a dheireadh daoine lena chéile nuair a tharlaíodh aon rud  in iarthar na hÉireann - idir pholaitíocht, chultúr nó chúrsa idirnáisiúnta - ná  'an raibh tú i dteagmháil le Jim Fahy?' , dá bhrí sin mar pholaiteoir ag freastal ar mhuintir iarthar na hÉireann bhí sé de shásamh agam ceangal a bheith agam leis ar feadh na mblianta.

I measc na bpíosaí a rinne mé os comhair ceamara le Jim, tá ceann a thagann chun cuimhne; clár faisnéise ar oileán Mhonsarat i gcomhair RTÉ ar an gceangal láidir idir an t-oileán sin agus an ceann sin againne. Bhí clár faisnéise faoi Montsarat curtha i láthair agam do Channel 4 in 1986 agus chuir Jim agallamh orm níos deireanaí in 2000 i gcomhair RTÉ in 'Dust in the Wind', clár faisnéise faoin scrios a rinne brúchtadh an bholcáin.  Ba léir ón suim a bhí aige san eachtra sin go raibh léargas aige ar chúrsaí a bhí níos leithne ná an tuairisciú ar a 'gheadán' féin. 

Tharraing sé clú air féin le linn a ghairmréime chomh maith le cláir faisnéise agus tuairiscithe tábhachtacha idirnáisiúnta lena n-áirítear an t-agallamh a rinne sé leis an Máthair Teresa in Kolkata in 1976, a thurais ar fud na hAfraice, na Bealarúise agus Háítí; an clár faisnéise a fuair duais 'Stories from the Twin Towers' i ndiaidh an ionsaithe sceimhlitheoireachta i Nua Eabhrac in 2011, a bhuaigh an bonn óir as an gclár faisnéise ab fhearr faoi 9/11 ag an 45ú Féile Ghradaim Chláir Theilifíse Nua Eabhrac. 

Is mar ghuth RTÉ in iarthar na hÉireann is mó a chuimhneofar le gean ar Jim.  Thug sé féin le fios gurbh é buaicphointe a ghairmréime craoltóireachta an bhreis is 400 clár a rinne sé don tsraith 'Looking West' idir 1977 agus 1984, inar cuireadh i láthair scéalta daoine a chonaic an saol in Éirinn le linn dheireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois.  Cé nach mbeadh sé féin chomh dána len é sin a admháil, tá an saothar sin déanta aige le cartlann a bheidh ar fáil do na glúnta atá le teacht a bheidh ag féachaint siar ar an saol i ndeireadh an 20ú agus i dtús an 21ú haois, agus taifead agus fianaise bhuan curtha ar fáil ag a thuairiscithe ó mhuintir iarthar na hÉireann ar feadh na scórtha bliain sin.

Ar son Shaidhbhín agus ar mo shon féin, ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl do bhean Jim, Christina, dá chlann, dá chairde agus dá mhuintir."