Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás James Flynn

Dáta: Lua 13th Fea, 2023 | 13:29

"Léiríonn bás James Flynn caillteanas duine de na scannánóirí nua-aoiseacha ba thábhachtaí in Éirinn.
 
Ar feadh a ghairmréime, bhí ionchur den scoth ag James Flynn i dtionscal scannánaíochta na hÉireann, ní hamháin i gcur chun cinn forbairt scannán i measc phobal scannánaíochta na hÉireann, ach i dtabhairt an oiread sin tionscadal idirnáisiúnta chuig an oileán seo chomh maith.
 
Chuir sé tús lena chuid oibre mar cheannasaí forbartha le Merlin Films de chuid John Boormann os cionn 30 bliain ó shin agus ina dhiaidh sin bhí páirt thábhachtach aige i bhforbairt thionscal scannánaíochta na hÉireann sna blianta a lean sin, chomh maith le hionchur nach beag i gcúrsaí traenála.  
 
Ón taithí a bhí aige i scannánaíocht na hÉireann óna thús tar éis athbhunú Bhord Scannán na hÉireann agus ón am a rinne mise Lelia Doolan a cheapadh mar Chathaoirleach in 1993, bhí James Flynn ar dhuine de na chéad daoine agus ar na daoine ba luachmhara a cheap Lelia agus an Bord mar chomhalta.
 
Chomhlíon James Flynn a ról i mBord Scannán na hÉireann go hiomráiteach. Bhí sé ar dhuine de na hÉireannaigh ab eolasaí ar an scannánaíocht agus léargas grinn aige ar a raibh ag teastáil le haghaidh scannánaíocht rathúil, agus chuidigh a ionchur le bonn a chur faoi thionscadal scannánaíochta na hÉireann atá chomh rathúil sin anois.
 
Áirítear ansin an t-am a chaith sé ina Bhainisteoir Gnó agus ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Bhord Scannán na hÉireann, chomh maith leis na blianta a chaith sé ina chomhalta boird d'Fhís Éireann agus de Choimisiún Físe na hÉireann.
 
Ina dhiaidh sin, rinne sé ionchur pearsanta suntasach sa tionscal, idir theilifís agus scannán, mar léiritheoir agus léiritheoir feidhmeach lena chomhlacht Metropolitan Film, mar a raibh ról lárnach aige san iliomad tionscadal, ina measc The Door de chuid a mhná céile Juanita Wilson a fuair ainmniúchán i gcomhair Dhuais an Acadaimh, The Secret of Kells, Angela's Ashes, KIN agus Vikings:Valhalla a ainmníodh i gcomhair Dhuais an Acadaimh i measc go leor eile. Ar ndóigh, bhí sé ina chomhléiritheoir ar The Banshees of Inisherin, atá san iomaíocht le haghaidh Dhuais an Acadaimh an mhí seo.
 
Is caillteanas an-mhór atá i mbás James agus é ina ógfhear don tionscadal agus dúinn go léir a raibh aithne againn air. 
 
Déanaim comhbhrón ó chroí lena bhean Juanita, lena chlann Alex agus Anna, lena mhuintir agus lena chiorcal leathan cairde agus comhghleacaithe."