Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar bhás Imogen Stuart

Dáta: Lua 25th Már, 2024 | 15:24

"Tá rian ollmhór fágtha ag Imogen Stuart ar shochaí na hÉireann, ní hamháin trína saothar inspioráideach, dúshlánach, ach tríd an bhfís a chur sí chun cinn gur ghné lárnach de riachtanas an phobail í an ealaín, agus gur chóir go mbeadh rochtain ag cách uirthi.  

Ar an ábhar seo, ní fhéadfadh srian a chur ar a saothair ealaíne i ndánlanna agus i spásanna eile faoi leith, ach bhíodh sé le feiceáil i séipéil, scoileanna, ospidéil agus in ionaid siopadóireachta le go mbeadh rochtain ag cách orthu. 

Mar náisiún, táimid ar fad go mór faoi chomaoin ag Imogen as an spiorad seo a roinnt linn agus as an ealaíon ar fad a d’fhág sí ina diaidh, a chothaigh ár sochaí agus ár dtimpeallacht chomhroinnte. Rachaidh an saothar seo chun tairbhe do ghlúin na todhchaí chomh maith. 

Bhí an t-ádh ag Saidhbhín agus agam féin Imogen a bheith mar chara againn ar feadh blianta fada. Tríd na blianta seo ar fad, bhí an bheirt againn an-mhór le hImogen ní hamháin mar gheall ar a cuid saothar, ach de bharr an spiorad gealgháireach, flaithiúil a bhí aici. Tá a dealbhóireacht anois fréamhaithe sa spás poiblí, roinnte ag cách.

Bhí sé de phribhléid agam, mar Uachtarán na hÉireann, an Torc a bhronnadh ar Imogen i Meán Fómhair 2015 mar aitheantas ar a toghadh mar Shaoi Aosdána, an gradam is mó óna comhghleacaithe ar féidir bronnadh.

Bhí sé de phribhléid agam arís arís fáilte a chuir roimh a mórshaothar Pangur Bán go hÁras an Uachtaráin i mí Eanáir 2020. Tá sé lonnaithe san Áras go fóill agus é mar ábhar suntais do bhaill an phobail a thagann chun cuairte gach bliain.

Ba mhaith liom thar ceann Shaidhbhín agus mé féin, chomh maith leo siúd ar fad a bhainfidh sult as a cuid saothar amach anseo, comhbhrón ó chroí a dhéanamh le hiníonacha Imogen, Aisling agus Aoibheann, agus lena mhuintir agus a cairde ar fad."