Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Statement by President Michael D. Higgins on the death of Eileen Battersby

Dáta: Lua 24th Nol, 2018 | 10:19

“Bainfidh bás Eileen Battersby suaitheadh astu siúd a bhfuil eolas acu ar a saothar agus braithfidh siad brón mór. Ba léirmheastóir liteartha, iriseoir a raibh duaiseanna buaite aici, úrscéalaí, bean mhór ainmhithe agus díograiseoir áille an dúlra a bhí inti.

Beidh fairsinge a heolais agus raon a suimeanna dulta i gcion orthu, chomh maith leis an bhfiosracht dhoshásaithe faoina raibh á táirgeadh i mBéarla agus i dteangacha eile nach bhfuil an oiread sin eolas orthu, a ndearna sí iad a léirmheas in aistriúcháin.

Ina measc siúd go léir, mé féin agus Saidhbhín san áireamh, a léigh a píosaí leithleacha thar na blianta, braithfear go mbeidh bearna mhór sa léirmheastóireacht ficsin ach go háirithe. Go deimhin, aireofar gur chailleamar go léir i saol na leabhar léirmheastóir ar bhraith an oiread sin léitheoirí uirthi agus a raibh meas nach beag ag scríbhneoirí uirthi.

Táimid uile go mór faoi chomaoin aici as na hiarrachtaí gan staonadh a rinne sí chun scoth na scríbhneoirí ó gach cearn ar domhan a thabhairt ar ár n-aird, as a caighdeáin sheasmhacha, agus as an díograis a thaispeáin sí agus gach gné de na healaíona á ceiliúradh aici os comhair luchtanna éisteachta éagsúla.

Cuirimse agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí chuig a hiníon Nadia agus a muintir”.