Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Eavan Boland

Dáta: Lua 27th Aib, 2020 | 19:50

“Le bás Eavan Boland tá file a raibh cáil idirnáisiúnta uirthi, scoláire agus údar céimiúil caillte ag Éirinn, chomh maith le duine a bhí ina foinse inmheánach tuisceana den scoth arshaol na hÉireann, mar a léiríodh agus a braitheadh é araon.

Bhí bua ar leith aici go raibh sí ábalta áilleacht an ghnáthruda a nochtadh.

Thar na blianta, trína cuid filíochta, a cuid oibre mar chriticeoir agus a cuid múinteoireachta léirigh sí cumas as an ngnáth tírdhreacha, miotas agus taithí laethúil na hÉireann achruthú. D’éirigh léi a bheith ar cheann de na guthanna ba thábhachtaí i litríocht na hÉireann, agus í aitheanta as an gcaighdeán ard a lorg sí agus a bhain sí amach. 

Is cuid dá bhfuil bainte amach aici nochtadh na hÉireann a bhí faoi cheilt, maidir lenar fulaingíodh, a ndearnadh neamhaird air, ar seachnaíodh, nó nár tugadh aitheantas cuí dó.   

Má bhí oidhreacht fhada fhilíocht na hÉireann ina foinse as ar tharraing sí, thug sí aitheantas dá saibhreas comhaimseartha ina saothar léirmheastóireachta. Tá sé go mór faoi thionchar an spreagtha mhóraigeanta a thug sí dá comhfhilí.

Chreid sí go paiseanta san fhilíocht. Ina heagarfhocal san eagrán deiridh de Poetry Ireland Review scríobh sí:

“Is gairm atá i saol an fhile go síoraí iarracht a dhéanamh fírinne éigin, a bhí fíor lá den saol agus a bheidh fíor go brách, a leagan síos. Níor cheart go mbeadh ar aon fhile imní a bheith air nó uirthi faoi mheas an phobail, nó a mhalairt, ar an ealaín seo.”

Ba phrionsabal a bhí ansin a bhí ina bhonn lena saol agus a saothar.

Aireoidh gach éinne a léigh a saothar agus na mic léinn a raibh sé de phribhléid acu foghlaim uaithi in aon cheann de na hinstitiúidí léinn ina raibh ionchur aici, Coláiste na Tríonóide, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Ollscoil Stanford san áireamh, uathu go mór í. 

Is mór an caillteanas agus an t-ábhar bróin dúinn uile a raibh sé de phribhléid againn aithne a chur uirthi, a bás.

Déanaimse agus Saidhbhín comhbhrón ó chroí lena fear céile Kevin, lena n-iníonacha agus lena muintir, lena comhghleacaithe san fhilíocht agus lena ciorcal mór cairde.”