Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás don Dr. Kenneth Kaunda, an chéad Uachtarán ar an tSaimbia

Dáta: hAo 18th Mei, 2021 | 14:14

Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis a chomhbhrón a chur in iúl ar bhás don Iar-Uachtarán ar Phoblacht na Saimbia, an Dr. Kenneth Kaunda.

Bhí an Dr. Kaunda ina chéad Uachtarán ar an tSaimbia, agus d’fhreastail sé san oifig sin ó 1964 go dtí 1991, agus bhí sé gníomhach i ngluaiseacht an neamhspleáchais sa tSaimbia.

 “Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh an Dr. Kenneth Kaunda, an chéad Uachtarán ar Phoblacht na Saimbia. Ba cheannaire den scoth a bhí san Uachtarán Kaunda, glór láidir i gcur in aghaidh riail mhionlaigh an duine ghil san Afraic Theas agus sa tSaimbia, agus urlabhraí deaslabhartha a raibh tionchar aige ar ghluaiseachtaí neamhspleáchais i dtíortha na hAfraice. Ba chara maith d’Éirinn a bhí ann chomh maith.

Is cuimhin liom gur thug sé cuairt ar Éirinn in 1964, roinnt seachtainí beaga ó insealbhaíodh é mar Uachtarán ar an tSaimbia. Ba é sin a chéad uair dó taisteal taobh amuigh de mhór-roinn na hAfraice mar Uachtarán. Le linn na cuairte sin bronnadh saoirse Luimnigh air agus chruinnigh na sluaite chun amharc a fháil ar an Uachtarán Kaunda. Bhí Éire bródúil as fáilte a chur roimh an Uachtarán Kaunda agus as ár ndlúthpháirtíocht leis an náisiún a fuair a neamhspleáchas go gairid roimhe sin a thaispeáint, go háirithe mar nach raibh sé ach cúpla scór bliain roimhe sin ó bhíomar féin i mbun troda chun an neamhspleáchas a bhaint amach.

Cuimhneofar ar an Uachtarán Kaunda as a thiomantas d’aontú mhuintir na Saimbia faoina ghlaoch One Zambia, One Nation. Le linn a thréimhse oifige bhí ról lárnach aige i bhforbairt tionscadal tábhachtach bonneagair, tógáil Ollscoil na Saimbia ina measc. Is fiú a lua, freisin, gur ghlac sé leis an daonlathas ilpháirtí le haghaidh na Saimbia agus é ag druidim chuig deireadh a ghairmréime polaitiúla fada céimiúla, agus is cuid dá oidhreacht shaibhir atá ansin sa lá atá inniu ann.

Rinne an tUasal Kaunda cúram mór d’fholláine a mhuintire, agus fiú agus é ar scor, chaith sé a chuid ama ag troid in aghaidh an VEID agus an SEIF. Go deimhin, thug sé cúnamh do chuid mhaith dá chomhshaoránaigh trína thionchar a úsáid chun troid in aghaidh na náire agus an leithcheala a bhain leo siúd a bhí buailte leis an ngalar.

Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do chlann an Uachtaráin Kaunda nach maireann agus do mhuintir na Saimbia ar a bhás.”