Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoi bhás an Dr. Tiede Herrema

Dáta: Lua 27th Aib, 2020 | 15:59

“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh an Dr. Tiede Herrema níos luaithe inniu, go gairid tar éis bhás a mhná céile ionúine Elisabeth.

Bhí sé de phribhléid agam bualadh le Tiede agus Elisabeth ar an iliomad ócáidí, agus bualadh leo in Áras an Uachtaráin le linn a gcuid turas rialta go hÉirinn chomh maith.  

Cé gur fhág a fhuadach an Dr. Herrema an-suaite, ní raibh aon olc air faoin gcaoi ar chaith a fhuadaitheoirí leis agus choimeád sé ceangal láidir le hÉirinn. Ghlac sé féin agus Elisabeth le saoránacht oinigh na hÉireann. Aireoidh a gcairde go léir in Éirinn uathu iad, agus beidh cuimhne cheanúil orthu.

Cuirimse agus Saidhbhín ár gcomhbhrón ó chroí chuig a gceathrar mac, a muintir agus a gcairde.

Suaimhneas síoraí dá n-anamacha uaisle.”