Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn ar bhás an Ard-Easpaig Desmond Tutu

Dáta: Dom 26th Nol, 2021 | 12:00

“Is cúis mhór bhróin í do dhaoine fud fad na cruinne gur bhásaigh Laureate Nobel na Síochána, an tArd-Easpag Desmond Tutu.

Le bás Desmond Tutu, ní hamháin go bhfuil ceannaire spioradálta caillte ag an domhan, ach urlabhraí iontach do shochaí eolach, tuisceanach agus lách, sonraithe ag an trua agus ag an gcineáltas.

Fear a raibh críonnacht dhomhain aige, mar aon le nádúr lán le dóchas agus dearfacht arbh é an tArd-Easpag Desmond Tutu. Bhí a cheannaireacht inspioráideach, a d’eascair óna chreideamh gur féidir leis an maithiúnas an duine a shaoradh ón bpian, mar fhoinse dóchais, ní hamháin do mhuintir na hAfraice Theas, ach d’iliomad daoine fud fad na cruinne, ag tabhairt gutha dóibh siúd in am an ghátair.

Cuimhneofar go deo ar an Ard-Easpag Desmond Tutu as an obair a rinne sé le haird an domhain a tharraingt ar éagothroime millteanach Apartheid, agus as an bhfuinneamh morálta láidir a chur sé in iúl sna ráitis luatha sin a foilsíodh le linn na gcoinníollacha ba chontúirtí agus ba dheacra. Lean sé leis an mbéim seo ar chumhacht an ghrá agus na trua i dtréimhse iar-Apartheid na hAfraice Theas.

Rachaidh a bhás i bhfeidhm go mór orthu siúd in Éirinn a ghlac páirt sa ghluaiseacht frith-Apartheid. Bhí na hoibrithe Dunnes Stores sin páirteach sa stailc in aghaidh Apartheid sna 1980í, agus ba mhinic a ndearna sé trácht orthu seo. Dar ndóigh, bheadh cuimhne mhaith acu siúd a thacaigh le tacaíocht an Ard-Easpaig Tutu do na stailceanna ar a chruinniú leis na hoibrithe Karen Gearon agus Mary Manning, in éineacht le feidhmeannach an cheardchumainn Brendan Archbold agus é ar stad i Londain ar a bhealach chun an Duais Nobel a fháil i 1984.

Ar ócáid a 90 breithlá le gairid, luaigh mé go bhfuilimid go mór faoi chomaoin ag Desmond Tutu, a léirigh trína ghrá, bhá agus mhaithiúnas féidearthachtaí iontacha an tsaoil arís agus arís eile, ag meabhrú dúinn gur féidir seo a bhaint amach trí spiorad na daonnachta a lonnú ag croílár ár bpolasaithe, ár ngníomhaíochtaí agus ár mianta.

Dá iarrachtaí croíúla leis an dóchas seo a chuardach agus a cheiliúradh, cuimhneofar go deo air mar fhigiúr spreagúil, agus mar chleachtóir cróga gníomhachais síochánta. Níor choinnigh aon ní cúl air agus rinne sé gach iarracht i gcónaí. Fágann sé ina dhiaidh oidhreacht éachtach den chéad scoth sa ghníomhachas cearta daonna don Afraic Theas agus don domhan mór. 

Thar ceann mhuintir na hÉireann, déanaim comhbhrón le hUachtarán na hAfraice Theas, Cyril Ramaphosa, le teaghlach Desmond Tutu, lena ghrúpa mór cairde, lena chomhghleacaithe, agus leis na milliúin ar fud an domhain atá ag caoineadh a bháis inniu”.