Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. O hUigínn ar bhás Ashling Murphy

Dáta: hAo 14th Ean, 2022 | 16:22

"Tá daoine ar fud na hÉireann, idir óg agus shean, ag cur in iúl a suaitheadh, a mbrón, a bhfearg agus a mbuairt faoi dhúnmharú uafásach Ashling Murphy. 

Labhair mé ar maidin le muintir Ashling chun mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dóibh, ar son mhuintir na hÉireann mar Uachtarán na hÉireann, agus ar mo shon féin agus ar son Saidhbhín mar thuismitheoirí. Chuir mé in iúl, freisin, mo chomhbhrón faoin gcaillteanas tragóideach a bhain lena bás, go háirithe mar a bhaineann sé lena máthair Kathleen, a hathair Raymond, a deirfiúr Amy agus a deartháir Cathal.

Bhí sé i m'intinn agam conas mar a mhothaíonn an oiread sin tuismitheoirí, teaghlaigh, go deimhin muintir na hÉireann trí chéile, agus iad ag smaoineamh ar theaghlach Murphy ag an uair an-bhrónach seo a chur in iúl. Is caillteanas dúinn go léir atá i mbás Ashling, ach is deacair cur síos a dhéanamh ar an gcaillteanas dá mhuintir.

Léiríonn an racht bróin faoi bhás Ashling conas a chuathas go mór i bhfeidhm orainn, agus is eiseamláir atá ina raibh bainte amach ag Ashling do shean agus óg le linn a sárshaoil ghearr agus fhlaithiúil.  

Is fianaise atá sna daoine sin go léir a raibh aithne acu uirthi, a rinne staidéar ina teannta nó, mar a chualamar, a raibh cion acu uirthi mar mhúinteoir, a tiomantas agus a féile dá pobal áitiúil. Mar mhúinteoir óg, díograiseach agus ábalta  bhí tionchar dearfach aici ar a cuid daltaí agus a comhghleacaithe ar scoil. Is fianaise atá ina bhfuil á rá acu fúithi den áthas a bhain sí as an roinnt, sa mhúinteoireacht, sa cheol agus sa spórt, a chuir sí in iúl ar shlí a chuir  lúcháir ar gach duine.  Sheas sí do gach rud dá fheabhas ina glúin, agus cuimhneoidh siad ar a saol inspioráideach. 

Tá sé fíorthábhachtach go nglacfaimid an deis seo, mar atá déanta ag go leor daoine san achar ama gearr ó fuair Ashling bás, chun machnamh a dhéanamh ar a bhfuil le déanamh chun an foréigean in aghaidh na mban i ngach gné dár sochaí a dhíothú, agus conas nach féidir an obair sin a chur ar an méar fhada ná a thosú róluath. 

Ba mhaith liom a mholadh dár muintir go léir machnamh a dhéanamh ar ár ngníomhartha agus ár ndearcthaí go léir -  agus, go deimhin, orthu siúd ar fágadh iad gan cheistiú i measc ár ndaoine aitheanta - agus gach a dhéanamh chun a chinntiú gur sochaí inar féidir lenár saoránaigh go léir maireachtáil agus a bheith go hiomlán páirteach atá inti, in atmaisféar  nach bhfuil bac ar bith ann maidir lena sábháilteacht.  Freagraímid tráth bhás Ashling trí ghealladh a thabhairt  sochaí níos cineálta, níos comhbháiche agus níos báúla a chruthú do gach duine, ceann a mbeidh sé mar aidhm aici gach bagairt foréigin in aghaidh ár saoránach a dhíothú, agus gealltanas a thabhairt go háirithe deireadh a chur leis an bhforéigean de gach cineál in aghaidh na mban sa bhaile agus thar lear.  

Suaimhneas síoraí dá hanam uasal dílis.”