Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Alec Finn

Dáta: hAo 16th Sam, 2018 | 12:19

Beidh brón mór orthu siúd go léir a bhfuil grá acu do cheol na hÉireann nuair a chloisfidh siad faoi bhás Alec Finn.

Ba cheoltóir an-éirimiúil agus seinnteoir basúcaí mór le rá a bhí in Alec Finn, agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Dé Danann, grúpa ceoil a tharraing aird an domhain ar cheol na hÉireann.

Bhí sé bródúil as a fhréamhacha i nGaillimh agus d’fhás sé aníos i saol an cheoil, agus nuair a tháinig a thallann féin le chéile leis sin de Frankie Gavin, Johnny McDonagh, Charlie Piggott agus Dolores Keane, tháinig Dé Danann ar an saol.

Ón am ar thosaigh siad amach lena chéile sa Spidéal agus i gcathair na Gaillimhe, d’éirigh sé gurbh ionann iad agus an léiriú ceoil ba shuntasaí agus ba mhó a raibh tóir air mar gheall ar scoth an cheoil Éireannaigh a sheinn siad.  

Ba cheoltóir céimiúil aonair agus ceoltóir seisiúin a bhí in Alec chomh maith,  sheinn sé ceol ar roinnt téaduirlisí éagsúla, agus bhí an cháil air gur chuir sé a cháiréis agus a scil chun tairbhe gach léiriú ceoil a raibh páirt aige ann.

Ba phribhléid dom aithne a bheith agam ar Alec Finn. Déanaimse agus Saidhbhín comhbhrón ó chroí lena chlann, a chomhghleacaithe agus a chairde, agus a fhios go maith againn go mairfidh ceol Alec Finn agus go leanfaidh sé ag spreagadh an iliomad daoine ar fud an domhain.