Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás do shaighdiúir Éireannach sa Liobáin
Dáta: Déa 15th Nol, 2022 | 06:49
“Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil ar maidin an scéala gur bhásaigh ball d’Óglaigh na hÉireann a raibh seirbhís síochánaíochta á déanamh aige ar mhisean na Náisiúnta Aontaithe sa Liobáin.
Táimid, Éireannaigh, bródúil as ár seirbhís síochánaíochta gan teip leis na Náisiúin Aontaithe. Níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh go brách, áfach, ar an mbaol a bhaineann leis an obair sin ná ar an tslí a gcuireann baill Óglaigh na hÉireann atá i mbun dualgas síochánaíochta thar lear a mbeatha i mbaol gach lá chun síocháin a bhaint amach agus a chothabháil i limistéir choimhlinte ar fud an domhain.
Mar Uachtarán na hÉireann agus mar Cheannasaí Uachtarach ar Óglaigh na hÉireann, is go tromchroíoch a dhéanaim chomhbhrón ó chroí le muintir, le comhghleacaithe agus le cairde bhall Óglaigh na hÉireann a fuair bás. Beatha a cailleadh agus é ar dualgas ar son mhuintir na hÉireann, ag freastal leis na Náisiúin Aontaithe, agus ar a son siúd go léir a bhfuil an tsíocháin uathu inár ndomhan comhroinnte.
Tá súil agam, freisin, go dtiocfaidh biseach go luath ar na baill eile d’Óglaigh na hÉireann a gortaíodh san eachtra. Táimid ag smaoineamh orthu ag an tráth seo.”